[go: up one dir, main page]

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/369

23.4.2024

RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2024/369 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Eanáir 2024

lena bhforlíontar Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle tríd an nós imeachta a leagan síos maidir le substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a chur leis na liostaí dearfacha Eorpacha, nó a bhaint díobh

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (1), agus go háirithe Airteagal 11(5) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Treoir (AE) 2020/2184, déantar foráil maidir le liostaí dearfacha Eorpacha de shubstaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair le haghaidh gach cineál ábhar a bhunú, mar atá ábhair orgánacha, ábhair stroighniúla, ábhair mhiotalacha, cruain, ábhair cheirmeacha nó ábhair neamhorgánacha eile, a údaraítear le húsáid chun ábhair nó táirgí a bhíonn i dteagmháil le huisce le haghaidh a óil ag an duine a mhonarú. Iarratais chun substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair a chur leis na liostaí sin nó chun iad a bhaint díobh, agus iarratais chun athbhreithniú a dhéanamh orthu, ní mór iad a chur faoi bhráid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA). Bunóidh an Coimisiún an nós imeachta maidir leis na hiarratais sin.

(2)

Ba cheart iarratasóirí féideartha a spreagadh a gcuid iarrachtaí a rangú agus tástáil neamhriachtanach ar ainmhithe a sheachaint trí iarratas aonair a ullmhú don tsubstaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar céanna. Ina theannta sin, chun go mbeifear in ann pleanáil chun tosaigh maidir le hiarratais a phróiseáil agus chun go ndéanfar na hiarratais sin a phróiseáil go héifeachtúil agus go tráthúil, ní mór d’iarratasóirí féideartha fógra a chur in iúl do ECHA laistigh de 12 mhí roimh iarratas a chur isteach.

(3)

Ba cheart a cheadú do dhaoine nach bhfuil bunaithe san Aontas iarratas a dhéanamh chun substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar a chur leis na liostaí dearfacha Eorpacha nó chun iad a bhaint díobh, ar choinníoll go gceapfaidís ionadaí atá bunaithe san Aontas chun na críche sin.

(4)

Chun sláinte an duine a chosaint, ba cheart go bhféadfadh an Coimisiún tús a chur le nós imeachta trí iarraidh ar an gCoiste um Measúnú Riosca de chuid ECHA tuairim a ullmhú maidir le substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar a chur leis na liostaí dearfacha Eorpacha nó chun iad a bhaint díobh.

(5)

Ba cheart an fhaisnéis uile is gá a bheith in iarratas chun go mbeifear in ann measúnú a dhéanamh ar an iarratas sin i gcomhréir leis na modheolaíochtaí tástála agus glactha a bhunaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365 ón gCoimisiún (2).

(6)

I gcás polaiméire le meáchan móilíneach ard a úsáidtear mar bhreiseán in ábhar orgánach agus nach bhfaightear ó choipeadh miocróbach, ba cheart an t-iarratas a dhíriú ar an monaiméir ós rud é go meastar go mbeidh an monaiméir níos frithghníomhaí agus níos ábhartha do shláinte an duine dá bhrí sin. Thairis sin, ní bheadh sé comhréireach measúnú a dhéanamh ar gach uile pholaiméir a mhonaraítear ó mhonaiméir den sórt sin. I gcás réamhpholaiméir le haghaidh roinnt sileacan nó le haghaidh brataithe, is éifeachtúla agus is comhréirí an measúnú a dhíriú ar leibhéal an réamhpholaiméire. I gcás meascán le haghaidh ábhar stroighniúil, ba cheart an t-iarratas a dhíriú ar an bpolaiméir ós rud é gur féidir an pholaiméir a bheith comhdhéanta de roinnt monaiméirí nach féidir measúnú a dhéanamh ar a n-idirghníomhaíocht ach amháin más i leith na polaiméire atá an t-iarratas.

(7)

Chun faisnéis rúnda a chosaint, ba cheart iarratasóir nach údarás ábhartha é a cheadú chun ionadaí a cheapadh, ionadaí is féidir a ainmniú seachas an t-oibreoir eacnamaíoch sin in aon teachtaireacht phoiblí.

(8)

Ba cheart a áirithiú leis an tseiceáil chomhréireachta nach n-athbhreithníonn an Coiste um Measúnú Riosca de chuid ECHA ach iarratais atá tugtha i gcrích agus atá ar cháilíocht leormhaith. Chomh maith leis sin, ba cheart a eisiaimh leis an tseiceáil chomhréireachta iarratais atá lasmuigh de raon feidhme Airteagal 11 de Threoir (AE) 2020/2184. Is ceimiceáin cóireála uisce agus/nó meáin scagaire iad anóidí íobartacha, scannáin agus roisíní ianmhalartaithe agus cumhdaítear iad le hAirteagal 12, mar sin eisiaitear iad ó raon feidhme Airteagal 11. Le cur chun feidhme na seiceála comhréireachta, ba cheart go mbeifí in ann na hiarratais ar éirigh leo sa tseiceáil chomhréireachta a rangú freisin chun a áirithiú go ndéanfaí meastóireacht éifeachtúil ar líon ard iarratas a d’fhéadfadh a bheith ann an tráth céanna.

(9)

Chun fíorú comhlíontachta leis na coinníollacha úsáide agus teorainneacha ascnaimh a bhunaítear leis na liostaí dearfacha Eorpacha a éascú, ba cheart faisnéis a bheith sna hiarratais maidir leis na modhanna anailíse ábhartha chun ascnamh na speiceas ceimiceach ábhartha isteach in uisce óil a thomhas. Leis an bhfaisnéis sin, ba cheart go bhféadfaí ionannas substaintí a ghabhann isteach in uisce le haghaidh a óil ag an duine a fhíorú agus iad a chainníochtú, nuair a úsáidtear substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar atá liostaithe ar an liosta dearfach Eorpach chun ábhair nó táirgí a thagann i dteagmháil le huisce den sórt sin a mhonarú. Mar gheall ar chalabrú na modhanna anailíse agus an trealaimh tomhais lena mbaineann, d’fhéadfadh sé go mbeadh tástáil fhisiciúil ag teastáil nach dtiocfaí a dhéanamh ach sa chás ina soláthraíonn an t-iarratasóir calabrán den tsubstaint tosaithe chomhfhreagrach nó den chomhábhar stroighniúil orgánach, nó sampla den chomhdhéanamh. Mar sin de, cuirfidh iarratasóir ar fáil don Choimisiún calabrán dá shubstaint tosaithe nó dá chomhábhar stroighniúil orgánach, nó sampla ionadaíoch de chomhdhéanamh ábhar miotalach, cruan, ceirmigh nó ábhar neamh-orgánach eile lena bhfuil glacadh, ach tuairim dhearfach a fháil ón gCoiste um Measúnú Riosca de chuid ECHA.

(10)

Chun tréimhse leordhóthanach a thabhairt do ECHA, agus d’oibreoirí eacnamaíocha agus do na húdaráis ábhartha freisin ullmhú, cuirfear tús le cur i bhfeidhm an ghnímh seo an 31 Nollaig 2026. Beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 31 Nollaig 2025, áfach.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I

FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1

Sainmhíniú

Chun críoch an Rialacháin seo, beidh feidhm ag an sainmhíniú seo a leanas:

(1)

ciallaíonn ‘calabrán’ sampla fisiciúil ionadaíoch de shubstaint tosaithe, nó de chomhábhar stroighniúil orgánach faoi réir iarratas i gcomhréir leis an Rialachán seo, sampla a úsáidtear i gcalabrú trealaimh nó nós imeachta tomhais.

CAIBIDIL II

FÓGRA

Airteagal 2

Fógra

1.   Cuirfidh iarratasóir féideartha faoi bhráid ECHA fógra go bhfuil sé beartaithe aige iarratas a chur isteach laistigh de thréimhse ama chinnte chun substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar a chur ar na liostaí dearfacha Eorpacha. Mura údarás inniúil ábhartha é an t-iarratasóir féideartha le haghaidh iarratas a bhfuil údar cuí leis de bharr práinne, tabharfar an fógra sin laistigh de 12 mhí sula gcuirfear isteach an t-iarratas.

2.   Cuirfidh ECHA in iúl go bhfuarthas an fógra.

CAIBIDIL III

NÓS IMEACHTA MAIDIR LE hIARRATAS A DHÉANAMH

Airteagal 3

Iarratas

1.   Cuirfidh ECHA in iúl don iarratasóir gan moill mhíchuí go bhfuarthas an t-iarratas a cuireadh isteach chun substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar a chur ar na liostaí dearfacha Eorpacha nó chun iad a bhaint díobh.

2.   Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an Coimisiún tús a chur leis an nós imeachta iarratais freisin, ach iarraidh ar ECHA tuairim a eisiúint maidir le substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar a chur leis na liostaí dearfacha Eorpacha nó chun iad a bhaint díobh.

3.   Ceapfaidh iarratasóirí nach bhfuil bunaithe san Aontas ionadaí atá bunaithe san Aontas.

Féadfaidh iarratasóirí atá bunaithe san Aontas, nach údarás ábhartha iad, ionadaí a cheapadh.

4.   I gcás polaiméir atá beartaithe mar shubstaint tosaithe nó mar chomhábhar stroighniúil orgánach chun ábhair stroighniúla nach meascáin iad a mhonarú, déanfar an t-iarratas le haghaidh aon cheann de na nithe seo a leanas:

(a)

an mhonaiméir i gcás polaiméir nach n-úsáidtear mar bhreiseán;

(b)

an mhonaiméir nó imoibreán eile i gcás polaiméire gan aon pháirt pholaiméirithe faoi bhun 1 000 Da a úsáidtear mar bhreiseán agus nach bhfaightear ó choipeadh miocróbach;

(c)

an réamhpholaiméir, i gcás orgánapolaisiolocsáin a úsáidtear chun sileacain, rubair, bealaí agus cóireáil dromchla le haghaidh líonach a mhonarú, nó i gcás bratuithe;

(d)

an pholaiméir i ngach cás eile.

5.   I gcás polaiméir atá beartaithe lena húsáid mar chomhábhar stroighniúil orgánach chun meascáin a mhonarú, cumhdófar leis an iarratas na monaiméirí uile a áirítear sa pholaiméir sin.

6.   D’fhéadfaí go gcumhdófaí le hiarratas ó údarás ábhartha roinnt substaintí tosaithe, comhdhéanamh, comhábhar stroighniúil orgánach, nanafhoirmeacha nó iondula.

Ní chumhdófar le hiarratas ó dhuine seachas údarás ábhartha ach aon substaint tosaithe, aon chomhdhéanamh, aon chomhábhar stroighniúil orgánach nó aon nanafhoirm.

7.   Beidh an fhaisnéis a liostaítear san Iarscríbhinn san iarratas.

8.   I gcás ina ndéantar iarratas a bhaineann le hiontráil atá ar cheann de na liostaí dearfacha Eorpacha cheana tar éis an chéad athbhreithnithe dá dtagraítear in Airteagal 11(4), an ceathrú fomhír, de Threoir (AE) 2020/2184 a chur i gcrích, beidh feidhm ag na pointí seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar phointí (c) agus (d) den Iarscríbhinn, d’fhéadfadh sé go mbeadh an fhaisnéis teoranta do thagairt don iontráil atá ann cheana;

(b)

de mhaolú ar phointí (e) go (i) den Iarscríbhinn, i ndáil leis an bhfaisnéis a cuireadh isteach cheana a chomhlíonann Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365, ní cheanglaítear ar an iarratasóir ach aon fhaisnéis nua nó aon fhaisnéis nuashonraithe a chur isteach.

9.   I gcás iarratas arna dhéanamh ag údarás ábhartha a bhaineann le hathbhreithniú a dhéanamh ar iontráil atá ar liosta dearfach Eorpach cheana agus a bhfuil údar cuí leis de bharr imní maidir le sláinte an duine, beidh feidhm ag na pointí seo a leanas:

(a)

de mhaolú ar phointí (c) agus (d) den Iarscríbhinn, d’fhéadfadh sé go mbeadh an fhaisnéis teoranta do thagairt don iontráil atá ann cheana;

(b)

de mhaolú ar phointí (e) go (i) den Iarscríbhinn, ní cheanglaítear ar an iarratasóir ach aghaidh a thabhairt ar an imní maidir le sláinte an duine agus aon fhaisnéis ábhartha atá ar fáil a bhaineann leis an imní sin a chur isteach.

10.   An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (h) den Iarscríbhinn, cuirfear isteach í i bhfoirm achoimre staidéir stóinsithe.

An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) den Iarscríbhinn, cuirfear isteach í i bhfoirm achoimre staidéir.

An fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (f) den Iarscríbhinn, cuirfear isteach í i bhfoirm tuarascáil staidéir iomlán a chomhlíonann na ceanglais tuairiscithe a bhunaítear leis an gcaighdeán EN comhfhreagrach, nó an caighdeán arna chinneadh ag ECHA i gcomhréir le Roinn 1, pointe 1.2 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365.

Airteagal 4

Seiceáil chomhréireachta

1.   Déanfaidh ECHA measúnú ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an t-iarratas ó iarratasóir na nithe seo a leanas:

(a)

soláthraítear leis an fhaisnéis atá riachtanach agus leordhóthanach chun a bheith i gcomhréir le hAirteagal 3(7);

(b)

tagann sé faoi raon feidhme Airteagal 11(5) de Threoir (AE) 2020/2184 agus tá sé i gcomhréir le hAirteagal 3(3) go hAirteagal 3(6).

2.   I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratas an critéar in Airteagal 4(1), pointe (a), tabharfaidh ECHA fógra don iarratasóir faoi na cúiseanna. Déanfaidh an t-iarratasóir a iarratas a oiriúnú chun go mbeidh sé i gcomhréir lena bhfuil ag teastáil laistigh de 6 mhí ón dáta a fuarthas na cúiseanna ó ECHA.

I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratas an critéar in Airteagal 4(1), pointe (b), tabharfaidh ECHA fógra don iarratasóir faoin gconclúid sin. Tabharfaidh an t-iarratasóir a bharúil laistigh de 1 mhí ón dáta a fuarthas na cúiseanna ó ECHA.

3.   I gcás nach gcomhlíonann an t-iarratas na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 4(1), déanfar an nós imeachta a fhoirceannadh agus tabharfaidh ECHA fógra don iarratasóir ina leith sin.

4.   Cuirfidh ECHA an t-iarratasóir ar an eolas faoi chomhréireacht a iarratais gan moill mhíchuí, agus cuirfidh sé in iúl an dáta a rinneadh an tseiceáil chomhréireachta.

5.   Pas a fháil sa tseiceáil chomhréireachta, tá sé gan dochar do thuairim an Choiste um Measúnú Riosca i gcomhréir le hAirteagal 6.

6.   I gcás iarratas ar athbhreithniú ar iontráil atá ann cheana agus atá teoranta don mhéid a léiríonn gur glacadh aicmiú agus lipéadú comhchuibhithe faoi Roinn 3 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), nó substaint a chur ar an Liosta Iarrthóirí a bunaíodh faoi Airteagal 59 de Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), d’fhéadfadh ECHA an t-iarratas sin a chur go díreach chuig an gCoimisiún agus an tseiceáil chomhréireachta curtha i gcrích. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5 ná Airteagal 6 den Rialachán seo.

7.   I gcás iarratas faoi Airteagal 3(9) nach bhfuil aon fhaisnéis chothrom le dáta ar fáil ina leith, d’fhéadfadh ECHA an t-iarratas sin a chur go díreach chuig an gCoimisiún agus an tseiceáil chomhréireachta curtha i gcrích. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 6.

8.   I gcás iarratais a bhféadfaí feidhm a bheith ag Iarscríbhinn VI, Roinn 1, pointe 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365 ina leith, d’fhéadfadh ECHA na codanna comhfhreagracha den iarratas sin a chur go díreach chuig an gCoiste um Measúnú Riosca. Sa chás sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5.

9.   I gcás ina gcuirtear iarratas faoi bhráid ECHA chun iontráil ó cheann de na liostaí dearfacha dá dtagraítear in Airteagal 1 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367 ón gCoimisiún (5) a athbhreithniú, beidh an iontráil sin bailí tar éis a dáta éaga go dtí go gcinnfidh an Coimisiún an iontráil sin a athbhreithniú ar choinníoll go gcuirtear an t-iarratas faoi bhráid ECHA tráth nach déanaí ná 18 mí roimh an dáta éaga.

Airteagal 5

Comhairliúchán le páirtithe leasmhara

Laistigh de 4 seachtaine ó fhoilsiú iarratais ar shuíomh gréasáin ECHA, iarrfaidh ECHA ar pháirtithe leasmhara faisnéis eolaíoch a chur isteach.

Airteagal 6

Comhairliúchán leis an iarratasóir agus tuairim

1.   Cuirfidh an Coiste um Measúnú Riosca tuairim ar fáil maidir leis na rioscaí do shláinte an duine a eascraíonn as úsáidí na substainte tosaithe, an chomhdhéanaimh agus an chomhábhair stroighniúil orgánaigh, úsáidí a chumhdaítear san iarratas ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365.

Ullmhóidh an Coiste um Measúnú Riosca dréacht-tuairim agus aon fhaisnéis á cur san áireamh arna cur isteach ag páirtithe leasmhara laistigh de 10 mí ó fhoilsiú an iarratais nó laistigh de 13 mhí ón bhfoilsiú sin i gcás tuairim chomhpháirteach i gcomhréir leis an méid seo a leanas.

D’fhéadfadh an dréacht-tuairim a bheith ina dréacht-tuairim chomhpháirteach lena gcumhdaítear roinnt iarratas sna cásanna seo a leanas:

(a)

i gcás ina gcumhdaíonn siad an tsubstaint tosaithe, an comhdhéanamh nó an comhábhar stroighniúil orgánach céanna;

(b)

i gcás ina gcumhdaíonn siad an speiceas céanna nach gcuirtear leis d’aon ghnó;

(c)

i gcás ina bhfuil siad bunaithe ar fhaisnéis thocsaineolaíoch chomhchosúil;

(d)

i gcás ina n-ardaíonn siad breithnithe comhchosúla, go háirithe i gcás ina n-aithnítear nach ann d’éifeacht dhíobhálach;

(e)

aon chás eile a bhfuil údar cuí leis.

2.   Cuirfidh ECHA dréacht-tuairim an Choiste um Measúnú Riosca chuig an iarratasóir gan moill mhíchuí. An tráth céanna, cuirfidh ECHA an t-iarratasóir ar an eolas faoin gceart chun a thuairimí a chur in iúl laistigh de 30 lá.

3.   Cuirfidh an Coiste um Measúnú Riosca a thuairim i gcrích agus na barúlacha ón iarratasóir maidir leis an dréacht-tuairim, más ann dá leithéidí, á gcur san áireamh.

4.   Cuirfidh ECHA dréacht-tuairim an Choiste um Measúnú Riosca ar aghaidh chuig an iarratasóir agus chuig an gCoimisiún gan moill mhíchuí.

5.   Gan moill mhíchuí, déanfaidh an Coimisiún cinneadh faoin iarratas agus tuairim an Choiste um Measúnú Riosca á cur san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 11(4) den Treoir.

CAIBIDIL IV

FAISNÉIS A LÁIMHSEÁIL

Airteagal 7

Faisnéis a chur isteach

Cuirfear aon fhaisnéis faoi bhráid ECHA agus úsáid á baint as na huirlisí formáide agus na huirlisí cur isteach arna gcur ar fáil saor in aisce ag ECHA, chomh maith leis an mBunachar Sonraí Idirnáisiúnta um Fhaisnéis Cheimiceach Aonfhoirmeach le haghaidh fógraí intinne agus iarratais.

Airteagal 8

Rochtain ar fhaisnéis ag an gCoiste um Measúnú Riosca

1.   Chun a thuairim a ullmhú faoin Rialachán seo, d’fhéadfadh an Coiste um Measúnú Riosca tagairt a dhéanamh d’aon fhaisnéis ábhartha arna cur faoi bhráid ECHA, an Choimisiúin, comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais nó Ballstát eile an Aontais chun críoch Rialacháin nó Treoracha eile, má mheasann sé gá a bheith leis sin, agus na forbairtí teicneolaíochta agus eolaíochta is déanaí go háirithe á gcur san áireamh. Comhlachtaí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais chomh maith le Ballstáit an Aontais a bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ina seilbh acu, cuirfidh siad ar fáil do ECHA í arna iarraidh sin dó, agus cuirfidh siad ECHA ar an eolas an tráth céanna faoi aon éilimh bhailí ar rúndacht maidir leis an bhfaisnéis.

2.   An fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, ní úsáidfear í chun tástáil chaighdeánach nó faisnéis atá in easnamh a cheanglaítear le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365 a ionadú.

Airteagal 9

Foilsiú

Foilseoidh ECHA an méid seo a leanas gan mhoill:

(a)

na fógraí;

(b)

an dáta a cuireadh iarratas isteach;

(c)

na hiarratais ar éirigh leo sa tseiceáil chomhréireachta;

(d)

tuairimí an Choiste um Measúnú Riosca;

(e)

fógra maidir le hiarratas a aistarraingt go ceann 30 lá;

(f)

dáta foirceanta aon phróiseas iarratais;

(g)

tar éis an chinnidh ón gCoimisiún maidir le hiarratas, tuairisc ar an modh anailíse ar thug an t-iarratasóir tuairisc air ina iarratas le haghaidh gach speicis cheimicigh ábhartha mar a shainaithnítear faoi Roinn 3 d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365.

Airteagal 10

Rúndacht

1.   Measfar gur neamhrúnda faisnéis a chuirtear faoi bhráid ECHA, agus d’fhéadfadh sé go gcuirfí ar fáil í go poiblí.

2.   De mhaolú ar mhír 1, measfar gur rúnda na nithe seo a leanas agus ní chuirfear ar fáil iad go poiblí:

(a)

faisnéis a bhaineann le sainaithint iarratasóra i gcás ionadaí ainmnithe;

(b)

faisnéis faoi mhodh monaraíochta substaint tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhar stroighniúil orgánach, nó an modh monaraíochta lena mbaineann;

(c)

faisnéis faoi aon nasc idir aon oibreoir sa slabhra soláthair céanna;

(d)

faisnéis a fuarthas ó chomhlacht, gníomhaireacht nó Ballstát eile de chuid an Aontais ar dheonaigh an comhlacht a chuir an fhaisnéis sin ar fáil do ECHA rúndacht ina leith;

(e)

faisnéis faoi eisíontas, mura speiceas ceimiceach ábhartha é an t-eisíontas sin.

CAIBIDIL V

FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 11

An fógróir nó an t-iarratasóir a athrú

1.   D’fhéadfaí ról an fhógróra a ghlacadh faoi Airteagal 2 trí chomhaontú frithpháirteach idir fógróir atá ann cheana agus fógróir ionchasach sula gcuirfí an t-iarratas isteach.

2.   D’fhéadfaí ról an iarratasóra a ghlacadh trí chomhaontú frithpháirteach idir iarratasóir atá ann cheana agus iarratasóir ionchasach, go dtí go bhfaigheann an t-iarratasóir an dréacht-tuairim de bhun Airteagal 6(2).

3.   Fógra dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2, cuirfear é faoi bhráid ECHA i gcomhpháirt ag na fógróirí atá ann cheana nó na fógróirí ionchasacha, nó ag na hiarratasóirí atá ann cheana nó na hiarratasóirí ionchasacha.

Airteagal 12

Iarratas a aistarraingt

I gcás ina n-aistarraingítear iarratas sula bhfaigheann an t-iarratasóir an dréacht-tuairim, tabharfar fógra do ECHA maidir leis an aistarraingt. Gabhfaidh éifeacht leis an aistarraingt 60 lá tar éis fhoilsiú an fhógra um aistarraingt dá dtagraítear in Airteagal 9, pointe (e), ach amháin má thugtar fógra faoi iarratasóir a athrú i gcomhréir le hAirteagal 11(3) roimh dhul in éag don teorainn ama sin.

Airteagal 13

Oibleagáidí breise an iarratasóra

1.   Comhoibreoidh an t-iarratasóir le ECHA. Cuirfidh an t-iarratasóir tuarascáil staidéir iomlán maidir le haon staidéar a chumhdaítear leis an iarratas ar fáil do ECHA, arna iarraidh sin dó. Freagróidh sé ceisteanna ó ECHA freisin gan moill mhíchuí.

2.   Laistigh de 2 mhí ó fhoilsiú thuairim an Choiste um Measúnú Riosca maidir le hiontráil ar cheann de na liostaí dearfacha Eorpacha a áireamh, a choinneáil nó a leasú, cuirfidh an t-iarratasóir ar fáil don Choimisiún calabrán dá shubstaint tosaithe nó dá chomhábhar stroighniúil orgánach, nó sampla ionadaíoch de chomhdhéanamh ábhar miotalach, cruan, ceirmigh nó ábhar neamh-orgánach eile lena bhfuil glacadh.

3.   Tar éis cinneadh ón gCoimisiún iontráil a áireamh i gceann de na liostaí dearfacha Eorpacha, coimeádfaidh an t-iarratasóir an fhaisnéis uile a bhí ag teastáil uaidh chun a dhualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo ar fáil go ceann tréimhse 20 bliain ar a laghad ón dáta a baineadh an t-údarú, nó ón dáta a chuaigh sé in éag.

Cuirfidh an t-iarratasóir isteach an fhaisnéis dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó cuirfidh sé ar fáil í gan mhoill, arna iarraidh sin, d’aon údarás ábhartha sa tír ina bhfuil sé bunaithe nó do ECHA.

I gcás ina scoireann iarratasóir de bheith i mbun gníomhaíochta, nó i gcás ina n-aistríonn sé cuid dá oibríochtaí nó iad uile chuig tríú páirtí, beidh an páirtí atá freagrach as gnóthas an iarratasóra a leachtú nó as freagracht a ghlacadh maidir leis na hoibríochtaí lena mbaineann faoi cheangal na n-oibleagáidí a leagtar amach i mír 1 agus i mír 2 in ionad an iarratasóra.

Airteagal 14

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 31 Nollaig 2026.

Mar sin féin, beidh feidhm ag Airteagal 2 ón 31 Nollaig 2025.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 23 Eanáir 2024.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 435, 23.12.2020, lch. 1.

(2)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365 ón gCoimisiún an Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le modheolaíochtaí i ndáil le substaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a thástáil agus glacadh leo a bheidh le háireamh ar na liostaí dearfacha Eorpacha de na substaintí tosaithe, comhdhéanaimh nó comhábhair (IO L, 2024/365, 23.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/365/oj).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2008 maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú substaintí agus meascán, agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Treoir 67/548/CEE agus Treoir 1999/45/CE, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (IO L 353, 31.12.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).

(5)  Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367 ón gCoimisiún an 23 Eanáir 2024 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Threoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na liostaí dearfacha Eorpacha de shubstaintí tosaithe, comhdhéanaimh agus comhábhair a bhunú atá údaraithe lena n-úsáid i monarú ábhar nó táirgí a thagann i dteagmháil le huisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L, 2024/367, 23.1.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/367/oj).


IARSCRÍBHINN

ÁBHAR AN IARRATAIS

(a)

Sainaithint an iarratasóra;

(b)

sainaithint an ionadaí dá dtagraítear in Airteagal 3(3), más ann dó;

(c)

sainaithint na substainte tosaithe, an chomhdhéanaimh nó an chomhábhair stroighniúil orgánaigh i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365;

(d)

faisnéis a bhaineann leis an úsáid atá beartaithe dá dtagraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365;

(e)

faisnéis a bhaineann leis na hairíonna fisiciceimiceacha dá dtagraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365;

(f)

faisnéis a bhaineann le hascnamh dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365;

(g)

sainaithint speiceas atá ábhartha maidir le tástáil thocsaineolaíoch agus measúnú riosca i gcomhréir le hAirteagal 3(5) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365;

(h)

faisnéis a bhaineann leis na hairíonna tocsaineolaíocha dá dtagraítear in Iarscríbhinn V a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365;

(i)

measúnú riosca lena ndoiciméadaítear cur i bhfeidhm na modheolaíochta glactha mar a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/365;

(j)

i gcás iarratas le haghaidh substaint tosaithe, comhdhéanamh nó comhábhar stroighniúil orgánach faoi réir Airteagal 3 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2024/367, aon doiciméad riachtanach lena léirítear an t-údarú comhfhreagrach ó údaráis inniúla náisiúnta.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2024/369/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)